Baile

An tEarrach Thiar

‘Séard atá ins An tEarrach Thiar ná tionscadal cruthaíoch nua, spreagúil, ina bhfuil an cumadóir ceoil aitheanta Johnny Óg Connolly ag cuir ceol le cuid de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin, chun ciogal amhrán a chruthú. Tá an t-amhránaí clúiteach Liam Ó Maonlaí ag obair ar na hamhráin le Johnny, agus is e Liam a bheidh á gcanadh agus á dtionlacan ar an bpianó. Beidh trí cheolchoirm againn san Earrach chun na hamhráin seo a chur os comhair an phobail. Beidh an premiere againn ag Éigse an Spidéil ar an 4ú Márta 2017, beidh muid i Seanscoil Sailearna ar an 24ú Márta agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an 25ú Márta.

Roghnaigh Johnny dhá dhán déag don togra seo, ‘siad sin An tEarrach Thiar, Coinnle ar Lasadh, Cuimhní Nollag, Neamhbhuaine, Go Suairc a Bhíodh, Tnúth, Seal Beag den Fhómhar Bhuí, Maith Dhom, Faoiseamh a Gheobhadsa, Iascairí an Chladaigh, Árainn 1947 agus Slán leis na Seanchaithe. Tá téamaí éagsúla ag rith tríd na ndánta seo; cuimhnimh idéalacha, an file i ngrá, cuimhní Nollag, míshástacht leis an athrú atá tagtha ar an saol agus brón mar go bhfuil deireadh ag teacht le na sean-bhealaí, an sean-saol, agus na daoine a bhain leo.

logo-ac_cistiu_traidisiunta-dubh


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s