Fúinn

 

johnny-og-connolly

 

 

liam-2

                                                  

                                    

 

Johnny Óg Connolly

Is e an cumadóir agus ceoltóir cáiliúl Johnny Óg Connolly atá ag cuir ceoil le dánta Mháirtín Uí Dhireáin.

Thosaigh Johnny Óg ag casadh an bosca ceoil nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. D’fhoghlaim sé óna athair agus ó Mhícheál Ó Coistealbha, ceoltóir áitiúl a mhúin an chóras dúbailte nó double-row (B/C) dó. Nuair a bhí sé aon bhliain déag bhuaigh sé comórtas Slógadh agus Craobh na hÉireann sa bhFleadh Ceoil. Bhí an-éifeacht ag taifid Joe Burke air nuair a bhí sé ina ghasúr, agus bhí sé an-tógtha le fidiléireacht Andy McGann, rud a mhúnlaigh a ghrá do cheol an fhidil.

Thosaigh sé ag casadh ceoil le John Beag Ó Flatharta agus Na h-Ancairí nuair a bhí sé ceithre bliana déag. Chaith sé ocht mbliana leis an mbanna, ag casadh ceoil i dtithe ósta agus clubabba ar fud Chonamara. Thaistil sé go Sasana agus go Meiriceá leo freisin. I 1990 ba é a rinne an chéad albam traidisiúnta eisithe ag Cló Iar Chonnachta, The Bees’ Wing. Go luath sna naochadaí thosaigh sé ag casadh ceoil ar an gcóras C#/D agus casann sé an dá chineál bosca ceoil anois.

Thosaigh Johnny Óg ag casadh leis an Sean Keane Band i 1994 agus thaistil sé ar fud na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh le Seán. Thaifead sé albam le Brian McGrath, ceoltóir bainseó a bhí sa mbanna ag an an freisin, i 1998. Dreaming up the Tunes ab ainm don albam agus fuair sé ard-mholadh ó cheoltóirí agus léirmheastóirí.

Chuaigh Johnny Óg ag taisteal arís sa mbliain chéanna le Lord of the Dance. Rinne sé camchuairteanna ar fud na hEorpa, an Meánoirthear agus an Cianoirthear. I 2003 shocraigh sé síos go buan i gConamara and thaifead sé albam eile, Dusk Till Dawn, le Charlie Lennon i 2005.

Tá go leor ceol cumtha ag Johnny Óg thar na mblianta, agus tá cuid den cheol sin taideafta ag a athair, an ceoltóir iontach mileoidean Johnny Connolly, agus ag Michael Rooney agus June McCormack freisin. Tá cúig phíosa a chum sé féin ar a chéad albam aonair, Aisling Yoshua (Joshua’s Dream), le válsaí, fonn mall agus polcaí ina measc. Tá tiúineanna traidisiúnta a mbaineann sé féin sult astu ar an albam freisin. Seoladh Aisling Yoshua i mí Aibreán 2011 bhuaigh sé Best Trad Album sna Irish Times Ticket Awards sa mbliain chéanna.

Bronnadh dámhachtain ón gComhairle Ealaíon, an Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta, ar Johnny Óg agus Mary Bergin i 2012. Ba iad An Gaelacadamh a rinne an t-iarratas agus iadsan a rinne an coimisiúnú. Chum an bheirt sraith ceoil 40 nóiméad ar fhaid, Sruth. Casadh Sruth don chéad uair ag Éigse an Spidéil i mí Márta 2013 agus bhí aon-cheoltóir déag páirteach sa gcéad taibhiú seo agus fuair sé an-ardmholadh ón lucht féachana ag an gceolchoirm agus ón lucht éisteachta ar Raidió na Gaeltachta.

D’eisigh sé an dara albam aonair, Siar, i mí na Samhna 2016. Tá sé traic déag ar an albam seo, agus ‘sé Johnny é féin a chum cúig cheann déag acu. Ó shin i leith tá sé ag obair ar an togra nua seo, An tEarrach Thiar. Is é Johnny a chum na foinn, agus tá sé ag obair leis an amhránaí agus ceoltóir clúiteach Liam Ó Maonlaí chun na hamhráin a fhorbairt agus a chóiriú.

Liam Ó Maonlaí

Ba as Gaillimh do mháthair Liam, agus as Corcaigh dá athair. Thosaigh sé ag foghlaim amhráin agus é ina bhuachaill óg – ‘mhúin m’athair amhráin dom i mo theanga dúchais nuair a bhí mé ag foghlaim le labhairt’ a deir sé. Thosaigh sé ag seinnt piano i 1972, agus ag seinnt ceoil traidisiúnta ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbodhrán go luath ina dhiaidh sin. Bhunaigh sé an banna ceoil The Hothouse Flowers lena chara scoile Fiachna Ó Braonáin i 1986.

I 2004 d’eisigh sé a chéad albam aonair, Rian. Chruthaigh Liam agus Fabulous Beast Dance Theatre seó le Rian, ina raibh ceol traidisiúnta agus damhsa comhaimseartha. Bhí damhsóirí ón Nígéir, ón bhFionnlainn, ón Úcráin, ón nGréig, ón nGána, ón Indinéis agus ó Shasana páirteach ann, chomh chomh le na ceoltóirí clúiteacha Éireannacha Cormac Begley, Peter O’Toole, Eithne Ní Chatháin,Maitiú Ó Casaide agus Liam é féin. D’eisigh Liam an dara albam aonair, To Be Touched, i 2008.

Tá bua iontach ag Liam mar chóiritheoir agus scileanna iontacha aige ag cruthú comhcheol, rudaí atá soiléir ina chuid oibre le The Hothouse Flowers agus ina dhá albam, Rian agus To Be Touched.

Tá neart taistil déanta ag Liam lena chuid ceoil; san Afraic, san Eoraip, san Astráil, i Meiriceá agus san Áis. Tá sé fréamhaithe in Éirinn, áfach, agus tagann ionsparáid aige i gcónaí ó na motúcháin a bhaineann le ceol, teanga agus cultúr na tíre seo.

 

Tá Deirdre Nic Chonaonaigh ag obair mar léiritheoir ar An tEarrach Thiar.

 

logo-ac_cistiu_traidisiunta-dubh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s